Tráchtála agus Breoslaí Talmhaíochta

 

BAILE  |D’ordú |Faoi Sweeney Oil |Ceannaigh do dhearbhán anois|  Plean Íoc Éasca | Stáisiúin Pheitril | Comórtais  | Déan Teagmháil Linn

commerical

Tráchtála

Breosla Talmhaíochta Tráchtála – Tuigeann muid ag Sweeney Oil na fadhbanna éagsúla a bhíonn ag suíomhanna tráchtála ar bhonn laethúil. Má tá d’umar folamh nó más gearr go mbeidh, glaoigh orainn agus déanfaidh muid ár ndícheall ola a thabhairt chomh fada leat taobh istigh de chúpla uair an chloig. Soláthraíonn muid breoslaí d’ardchaighdeán do réimse leathan tionscal. Tá foireann speisialaithe againn a bhfuil taithí acu ar dhíolacháin áitiúla agus atá ar fáil chun do cheisteanna a fhreagairt, praghsanna a thabhairt, d’orduithe breosla a thógáil agus seachadadh a eagrú ar dháta agus am a fheileann duit. Oibríonn ár bhfoireann tiománaithe áitiúla lena chinntiú go bhfaigheann tú an táirge ceart ag an am agus san áit a dteastaíonn sé uait.

 

Cad is féidir le Sweeney Oil a dhéanamh duitse:

  • Cuntais bunaithe i nGaillimh chun aire a thabhairt de do riachtanais.
  • Seachadadh an Lá Dar gCionn /Seirbhís Seachadta Tosaíochta
  • Cártaí Breosla

agri

Breoslaí Talmhaíochta

Mar ghnó teaghlaigh atá ag freastal ar an bpobal feirmeoireachta ar feadh os cionn 25 bliain, tuigeann muid riachtanais éagsúla ár gcustaiméirí feirmeoireachta.

Cad is féidir le Sweeney Oil a dhéanamh duitse:

  1. Suaimhneas intinne: a bheith ar an eolas go gcuireann muid seachadadh an lá dar gcionn ar fáil.
  2. Faisnéis fíor-ama faoi phraghsanna: a chuireann ar do chumas cinneadh feasach a dhéanamh nuair a cheannaíonn tú breosla.

Ag Sweeney Oil tá muid an-bhródúil as an seirbhís iontach a chuireann muid ar fáil dár gcustaiméirí agus d’fháilteodh muid roimh an deis chun gach atá muid in ann a dhéanamh a thaispeáint duit