Deilí

 

BAILE  |D’ordú |Faoi Sweeney Oil |Ceannaigh do dhearbhán anois|  Plean Íoc Éasca | Stáisiúin Pheitril | Comórtais  | Déan Teagmháil Linn

Cuntar Deilí Sweeney Oil – Ceapairí úra a dhéantar sa siopa

Faigheann muid na comhábhair is úire chun na ceapairí baile a dhéanamh sa Deilí. Is é an chúis go dtagann custaiméirí chuig ár ndeilí gach lá is ea go bhfuil a fhios acu gur féidir leo brath ar sheirbhís chairdiúil agus sciobtha, comhábhair ardchaighdeáin úra, réitítear go cúramach i ndeilí glan agus lán le roghanna. Táimid ag súil go mbainfidh tú taitneamh as a bhfuil ar fáil againn. Táimid seasta ag féachaint ar smaointe agus ar chomhábhair nua le tairiscint duit.

Bia te agus dinnéar baile breá

Tá a fhios againn go bhfuil an saol gnóthach, obair, teaghlach, gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Díreach tagtha isteach ón obair agus amach ag cluiche iomána nó ranga damhsa. Le bheith cinnte go gcoinníonn tú ag imeacht ar feadh an lae, tá réimse blasta béilí te againn a thabharfaidh neart fuinnimh duit agus atá iontach le crochadh leat. Ní gá duit cailleadh amach ar dhinnéar mar gheall nach bhfuil am agat ceann a réiteach, buail isteach againn agus breathnóidh muid i do dhiaidh.

Tae/Caife Úr

Tá Seattle’s Best Coffee le fáil inár siopaí ar fad. Caife réidh blasta a fheabhsaíonn cás ar bith.